| 0 item(s) in basket | ||
| Total:EUR 0.00 |
Bunaíodh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i 1964. Feidhmíonn an eagraíocht mar thaca agus mar fhoinse threorach do mhúinteoirí uile na tíre – atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge – ina gcuid iarrachtaí chun cur lena ngairmiúlacht féin agus chun feabhas a chur ar shiollabais agus ar fhoghlaim na Gaeilge.
Chuige seo foilsítear acmhainní éagsúla teagaisc agus cuirtear seirbhísí gairmiúla ar fáil i bhfoirm seimineár agus cúrsaí. Faigheann Comhar na Múinteoirí Gaeilge deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge.