Is siombail choitianta tras-chultúrtha é fáinne a sheasann don aontacht agus don leanúnachas. Ní bhíonn tús nó deireadh leis, ná deighilt ar bith ann, agus léiríonn sé comhlántacht agus síoraíocht. Tá An Fáinne mar shiombail ar an nasc atá agat leis an nGaeilge. Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt. Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat. Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil chomh maith dóibh siúd gur mhaith leo é. Tá suaitheantas den teideal 'Cúpla Focal' ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge a bhfuil bródúil as an gcúpla focal atá acu. Tá Fáinne 9 ct. ann a dhéanfadh bronntanas deas duit féin nó don duine is ansa leat nó do té ar mhaith leis ábhar ar chaighdeán níos airde.
Bronnann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Duais an Fháinne i gComórtas idirnáisiúnta Ghlór na nGael ar an gcoiste áitiúil is mó a chuireann fealsúnacht agus caitheamh An Fháinne chun cinn. Bioráin ar ard-chaighdeán, atá snasta, loinnreach agus álainn.
** This message will automatically close in 5 seconds **
This product has no reviews added yet.
Rating
Review / Comment
Submitted by
You need to be a registered user (and logged in) to be able to submit product reviews.
There is an error with some of the information you have entered. Please check the warning messages and correct accordingly.